Éalú san Oíche

Le Colmán O Raghallaigh

Drochbhliain ghruama d'Éirinn is ea 1847. Tá an drochshaol ann - an galar dubh ar na prátaí, é ag leathadh go rábach ar fud na tíre agus na mílte básaithe cheana féin. I gCo Mhaigh Eo tá an scéal go hainnis ag na bochtáin......

Tá Tomás Ó Máille agus a theaghlach réasúnta maith as, i gcomórtas le cuid dá gcomharsana. Ach fear garúil is ea Tomás agus nuair a chuirtear teaghlach as an gcomharsanacht as seilbh tugann sé an teaghlach uile agus cibé giuirléidí atá acu go Caisleán an Bharraigh. Turas cinniúnach a chuirfidh cor mór ina shaol......


An exciting adventure set during troubled Famine times in Mayo, as two young children try to free their father from prison and make their escape to the New World.



Údar / Author: Colmán O Raghallaigh
Maisitheoir / Illustrator: Olivia Golden
ISBN: 1 899922 85 7
Foil. / Publ.: 1996
Athchló / Reprinted: 2012
Praghas / Price: €9.00
89 lch. / pp: Lándaite / Full Colour
Leitheoirí: Age 9 +