Úrscéalta Grafacha ó Chló Mhaigh Eo

Graphic novels from Cló Mhaigh Eo

Seo sraith shamhlaíoch ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, nach raibh fáil orthu le rófhada ach ag lucht an Bhéarla agus gur ghá iad a athghabháil dá dteanga nádúrtha dhúchais.

Is seánra é an t-úrscéal grafach atá le fáil ar fud na hEorpa agus i Meiriceá agus a fheileann go rí-mhaith don teanga Ghaeilge. Ní hionann iad agus na coimicí a bhíonn ag páistí beaga ach baineann idir óg agus aosta taitneamh astu agus tá tóir mhór orthu ag bailitheoirí in Éirinn agus thar lear. De réir mar a fhoilsítear na teidil éagsúla sa tsraith beidh chuile eolas ar na leathanaigh seo futhu.


A new and imaginative series of graphic novels based on the history and mythology of Ireland, making available in an exciting new format many stories which were not widely available in their original form i.e. the Irish language. The graphic novel genre is common throughout Europe and America but has proven particularly suited to Irish. These are not the comics read by small children but appeal to readers of all ages from 10 upwards. They are particularly sought after by comic collectors in Ireland and abroad. Further information will appear on these pages as new titles are added to the series.