Rua

Meadhbh Ní Eadhra

"Is mise Rua, agus is puisín óg álainn mé! Tá cónaí orm le mo chlann ar fad agus le mo mháistreás shéimh. Ní theastaíonn uaim mo bhaile a ágáil go deo…"

Seo a céad scéal do pháistí le Meadhbh Ní Eadhra, scoláire meánscoile a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal, Co. na Gaillimhe. Scéal é seo faoin bpuisín óg, Rua, a fhágann a baile is í an-óg ar fad.

Dar ndóigh, bíonn scanradh uirthi roimh an saol mór, agus níl sé éasca socrú síos i mbaile nua. Insíonn Rua a cuid scéalta ar fad dúinn, ón am a fhágann sí a máistreás go dtí go mbíonn a cuid puisíní féin aici!

Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais i 2002 agus dúirt na moltóirí: "Bheadh an-tóir ag páistí óga ar an scéilín seo, de bharr cumas an scríbhneora cur síos soiléir, simplí a dhéanamh i stíl atá beo, bríomhar agus lán de ghreann."


A first book from Meadhbh Ní Eadhra, a secondary school student who lives in An Spidéal, Co na Gaillimhe. The book, which won an Oireachtas Literary Award in 2002, details the adventures of Rua, a ginger cat with attitude, who finds herself thrust into the harsh complexities of the world when her Mistress becomes ill. Written in a delightfully natural style it also contains easy to understand Irish.



Údar / Author: Meadhbh Ní Eadhra
Maisitheoir / Illustrator: Bernie Prendergast
ISBN: 1 899922 22 9
Foil. / Publ.: 2005
Praghas / Price: €6.50
Aois: Suitable for independent readers 8 - 12 / Learners 11 - 14
60 lch. / pp: Léaráidí D&B / B&W illustrated